Translate

Follow this blog by email. Lean ar an mblag seo tríd an é-phost

Monday, 10 October 2016

Cuairt Chorn Uí Mhairtín

Cuairt Chorn Uí Mhairtín chun na scoile inniu. 

Tháinig Maedhbh Ní Shúilleabháin ó Mainistir na Morna le Seána ó Ghort Álainn le Corn Uí Mhairtín inniu. Mhol sí dos na n-óg páirt a ghlacadh sa spórt agus in aon chaitheamh aimsire chun cairde a dhéanamh, chun scileanna foirne a fhoghlaim agus a chleachtadh agus chun sásamh a bhaint as an saol.
Fuaireamar go léir deis chun grianghraf a thógaint leis an mbeirt laoch agus gan dabht leis an gcorn.
Corcaigh abú !
Mná Chorcaí abú!




Monday, 22 August 2016

Nuacht Litir Deireadh na Bliana 2016

Curtha le chéile ag Diarmuid. Míle buíochas a Dhiarmuid.

Nuachtlitir an tSamhraidh 2016

Thursday, 9 June 2016

Naíonáin mar fheirmeoirí

Beidh Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra mar saineolaithe ar an bhfeirmeoireacht amach anseo tar éis a dturasanna scoile i mbliana chuig Feirm Uí Laocha agus an Fheirm i nGreanach. Níl gach éinne léirithe san fhíseán toisc gur chaith siad lipéidí ar a t-léinte ar an lá. Ag teacht le Polasaí úsáidte inghlactha don Idirlíon sa scoil seo, níl cead againn iad a léiriú.

Turas scoile Rang a 3

Chuaigh rang a 3 chuig Liftime lab, an sean phríosún agus babhláil i gCorcaigh don turas scoile. Bhaineadar an taitneamh as an lá.

Buann Cian bonn óir!

An t-eolas is deireannaí

Bhuaigh Cian 2 bhonn órga ag Craobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha sa lúthchleasaíocht ag an deireadh seachtaine ag CIT:
Sleá agus Rásaíocht 100m. Maith thú a Chiain.

Bealtaine 2016 

Comhghairdeas le Chian ó Rang a 5 a bhuaigh bonn óir agus bonn airgid le déanaí i gCraobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha i Luimneach ar a chapall Sparky.
Léigh sé an mionn mar chuid den searmanas oscailte.
Féachann sé an snasta ina chulaith marcaíochta, nach n-aontaíonn sibh? Seo linn Cluichí Oilimpeacha an domhain!!!!!!



Friday, 3 June 2016

Turas go dtí Dún ar Aill - Rang a 3

Chuaigh páistí ó rang a 3 go dtí Dún ar Aill le déanaí. Bhaineadar sult is taitneamh as an dturas nádúir agus gan dabht, thaitin an áit súgartha leo.

Lúthchleasaíocht Chorcaí 2016

Chuaigh páistí ó gach rang chuig Lúthchleasaíocht Chorcaí i CIT ar an gCéadaoin seo caite. Is iomaí gradam a bhuadar. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus thángadar abhaile le roinnt gradaim. Mo cheol sibh!!!!!! Clic ar an ngrianghraf chun é a mhéadú.

Turas go dtí Peil na Gaeltachta sa Rinn 2016


Comórtas Caide Ghael Linn

De bharr a gcuid iarrachta i gComórtas Caide na nGaelscoileanna i gContae Chorcaí, tugadh cuireadh d’imreoirí na gaelscoile dul go dtí’n Rinn i gContae Phort Láirge chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na Mumhan. D’fhanadar ansan, i gColáiste na Rinne, thar oíche, is d'imríodar le crógacht is fonn. Bhualadar le páistí ó ghaelscoileanna eile timpeall an chúige, is dheineadar cairde nua. Bhí ana-chraic acu ar an dtrá, is bhain na haon duine acu ard-thaitneamh as an gcúpla lá a chaitheadar sa ghaeltacht. Bhí na múinteoirí thar a bheith bródúil as a gcuid iompair, is an iarracht a chuireadar isteach i ngach aon rud. 

Buíochas le Conchubhair agus le Sinéad a chuaigh ann ina dteannta.











Díospóireacht ag Rang a 6 ar an UN - Na Náisiúin Aontaithe.

Ghlac Rang a 6 páirt i Díospóireacht i gColáiste Dáibhís ar an UN. Is léir go bhfuil cúpla 'Kofi Anann' sa seomra.

Ceardlann Cheoil 2016

Tháinig Shay Lally ón 'Mobile Music School' le déanaí chuig cór agus ceolfhoireann na Gaelscoile chun taispeántas a thabhairt de chnag uirlisí. Bhain na páistí lán taitneamh as an gceardlann. Sheinneadar drumaí, agógó, tambóirín agus sreang dhruma.







An Chéad Chomaoineach 2016

Fuair 60 páiste i rang a 2 an Chéad Chomaoineach ar an Satharn, an 21ú de Bhealtaine 2016. Léigh an tAthair Mac an Taoisigh an tAifreann. Is iad Labhrás agus Sinéad na múinteoirí ranga i Rang a 2 i mbliana agus ba léir an t-ullmhúchán a rinneadar leis an 2 rang. Gabhaimid buíochas le cór agus le ceoltóirí na Gaelscoile a chur go mór leis an searmanas.

Monday, 2 May 2016

Tag rugbaí sa ghaelscoil

Faoi láthair, tá Uinsionn ó Rugbaí na Mumhan ag teacht chun na gaelscoile chun ranganna 3 - 6 a thraenáil i scileanna rugbaí. Is breá linn go léir ár seisiúin leis ar an Deardaoin. N'fheadar an mbeidh an chéad Rodge eile in ár measc!!!

Saturday, 23 April 2016

Gairdín na scoile

Fáilte chuig gairdín na gaelscoile faoi stiúir Múinteoir Treasa. Chuir ranganna éagsúla oinniúin, prátaí, gairleog, cabáiste agus leitís maraon le réimse breá de bhláthanna. Thug roinnt páistí isteach sean-bhuataisí baistí agus líonadh iad le hithir agus le bláthanna. Beidh piastlann againn sar i bhfad. Beidh breithimh ag teacht ag deireadh Mí Bealtaine chun measúnú a dhéanamh ar an ngairdín. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna.

Wednesday, 13 April 2016

Cóineartú 2016

Cheiliúraíomar saicrimint na cóineartaithe inné i Séipéal an Aiséirí. Bhí an searmanas faoi riarachán an Easpaig Ó Croidheáin. Bhí cór na Gaelscoile ag canadh ag an searmanas agus chuireadar go mór leis an ócáid. 'Siad seo roinnt grianghrafanna den lá:

Sunday, 27 March 2016

Turas go Birmingham chuig 'Vex IQ Robó'

Chuaigh ochtar ó Rang 5 chuig Birmingham chun páirt a ghlacadh i gComórtas Vex IQ ins an ionad NEC. Bhuaigh rang a 5 an deis chun dul i ndiaidh dóibh an tarna áit a bhuachaint sa chomórtas i CIT i Mí Eanáir. D'éirigh go hiontach leo sna comórtaisí éagsúla agus d'éirigh leo an gradam ' Fuinneamh' a bhuachaint.

Chuamar go dtí an taispeántas ' Big Bang' ar an lá dár gcionn. Is taispeántas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealltóireachta agus Mata é. Dochreidte !!!

Seo libh blas den turas:

video


Árdú na brataí ar an 15ú de Mhárta, 2016

Ardaíodh an bhratach inniu tar éis searmanas an speisialta sa halla. Bronnadh an onóir ar Finian ó rang 1 toisc go dtiteann a bhreithlá ar an lá céanna agus a thosnaigh an Éirí Amach, sin 23ú d'Aibreán.

Ar dtús, léigh páistí ó ranganna éagsúla altanna ar stair na brataí agus ar 1916. Mhínigh Máire Ní Bhriain - Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Niamh Ní Chormaic - Cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí agus Síle Ní Ríordáin - Leas-Príomh Oide na scoile cad a chiall an bhratach dóibh.

Bhaineamar an sult is taitneamh as dráma rang a 4  - ghléasadar suas mar charachtéirí cáiliúla ó 1916 agus mhínigh siad a rannphártaíocht san Éirí Amach. Bhí Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Íosaf  Pluincéad, Seán Mac Diarmada, Eámonn Ceannt, Tomás Mac Donagh, Tomás Ó Cléirigh in ár dteannta don ócáid.

Sheinn rang 3 - 6 'The Foggy Dew', 'Ó Ró 'Sé do Bheatha 'Bhaile' agus Amhrán na bhFiann agus canadh ár nAmhrán Náisiúnta arís i ndiaidh don bhratach a bheith árdaithe.

Chríochnaigh an ceiliúradh le cupán tae sa halla dos na daoine fásta agus le huachtar reoite dos na páistí.

Féachaigí ar ár ngrianghrafanna agus ar ár bhfíseáin den lá.

Monday, 7 March 2016

Iomáint fé dhíon

Do ghlac buachaillí ó rang a trí is rang a ceathair páirt i gcomórtas iomána fé dhíon i nDún ar Aill le linn Feabhra is Márta. Thraenáileadar go díograiseach gach seachtain ón Nollaig, is chuireadar taispeántas maith iomána ar siúl le linn na gcomórtaisí. Bhí foireann na scoile brodúil as a gcuid iarrachta cróga ar an gcúirt, is as an iompar is comhoibriú a bhí thar barr ar fad. I measc na hiománaithe bhí Jeaic, Adam, Jeaic, Dónal, Sam, Dylan, Pádraig, Liam, Daithí, Seaghan, Peaidí, Eoghan, Pádraig, Risteard agus Cathal ó rang a trí. D’imir Eoghan, Liam, Bilí, Deaglán, Liam, Conchúr, Micheál, Jamie, Donncha, Pádraig agus Darragh ar son ranga a ceathair. Molaimid go hard na luthchleasaithe óga san.







Sunday, 6 March 2016

Lá Domhanda na Leabhar 2016

Bhí Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh againn ar scoil ar an Déardaoin. Ghléas páistí suas mar charachtar ó leabhar. Ina theannta sin, bhí an tAonach Leabhar díreach curtha dínn, áit a ceannaíodh na céadta leabhair do pháistí. Míle buíochas do Mháire Pearóid agus Siobhán, Máire, Martína agus Linda a d'eagraigh an tAonach. Féachaigí ar ár bhfeisteas agus tomhais cén carachtar atá roghnaithe againn, más féidir leat !

Monday, 29 February 2016

Craobh na hÉireann san eitpheil - Seo Linn.

Bhuaigh foireann eitpheile na Gaelscoile craobh na Mumhan ar an Déardaoin seo chaite. Thaistealaíodar chuig Cill Áirne agus d'imríodar 5 chluiche chun an craobh chluiche a shroichint - ceann a bhuadar le scil agus le comhoibriú
Beidh an fhoireann ag taisteal chuig Luimneach ar an 15/3/'16 chun imirt i gCraobh na hÉireann.
Buíochas mór le Conchubhair a eagraíonn na fóirne agus a thraenálann iad gach seachtain.
Is iad Jeaic, Ian agus Aoife ó rang a 6 maraon le Josh, Cáit agus Emma atá mar bhaill den fhoireann seo.
Guímid gach rath ar a gcéad thuras eile. Gaelscoil abú!


Sunday, 21 February 2016

Lá Gorm sa Ghaelscoil

Tháinig My Canine Companion chugainn ar an gCéadaoin seo chaite chun madraí a thaispeáint dúinn agus chun caint linn fúthú agus faoin gcarthanacht. Mar ábhar tachaíochta, caitheadh gorm ar an lá agus bailítear airgead chun cabhrú le 'Einstein' a thraenáil. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna. Cinnte, bhain gach éinne an thaitneamh as a gcuairt.