Thursday, 9 June 2016
Naíonáin mar fheirmeoirí
Beidh Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra mar saineolaithe ar an bhfeirmeoireacht amach anseo tar éis a dturasanna scoile i mbliana chuig Feirm Uí Laocha agus an Fheirm i nGreanach.
Níl gach éinne léirithe san fhíseán toisc gur chaith siad lipéidí ar a t-léinte ar an lá. Ag teacht le Polasaí úsáidte inghlactha don Idirlíon sa scoil seo, níl cead againn iad a léiriú.
Turas scoile Rang a 3
Chuaigh rang a 3 chuig Liftime lab, an sean phríosún agus babhláil i gCorcaigh don turas scoile. Bhaineadar an taitneamh as an lá.
Buann Cian bonn óir!
An t-eolas is deireannaí
Bhuaigh Cian 2 bhonn órga ag Craobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha sa lúthchleasaíocht ag an deireadh seachtaine ag CIT:
Sleá agus Rásaíocht 100m. Maith thú a Chiain.
Bealtaine 2016
Comhghairdeas le Chian ó Rang a 5 a bhuaigh bonn óir agus bonn airgid le déanaí i gCraobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha i Luimneach ar a chapall Sparky.
Léigh sé an mionn mar chuid den searmanas oscailte.
Féachann sé an snasta ina chulaith marcaíochta, nach n-aontaíonn sibh? Seo linn Cluichí Oilimpeacha an domhain!!!!!!
Friday, 3 June 2016
Turas go dtí Dún ar Aill - Rang a 3
Chuaigh páistí ó rang a 3 go dtí Dún ar Aill le déanaí. Bhaineadar sult is taitneamh as an dturas nádúir agus gan dabht, thaitin an áit súgartha leo.
Lúthchleasaíocht Chorcaí 2016
Chuaigh páistí ó gach rang chuig Lúthchleasaíocht Chorcaí i CIT ar an gCéadaoin seo caite. Is iomaí gradam a bhuadar. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus thángadar abhaile le roinnt gradaim. Mo cheol sibh!!!!!! Clic ar an ngrianghraf chun é a mhéadú.
Turas go dtí Peil na Gaeltachta sa Rinn 2016
Comórtas Caide Ghael Linn
De bharr a gcuid iarrachta i gComórtas Caide na
nGaelscoileanna i gContae Chorcaí, tugadh cuireadh d’imreoirí na gaelscoile dul
go dtí’n Rinn i gContae Phort Láirge chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na
Mumhan. D’fhanadar ansan, i gColáiste na Rinne, thar oíche, is d'imríodar le
crógacht is fonn. Bhualadar le páistí ó ghaelscoileanna eile timpeall an
chúige, is dheineadar cairde nua. Bhí ana-chraic acu ar an dtrá, is bhain na
haon duine acu ard-thaitneamh as an gcúpla lá a chaitheadar sa ghaeltacht. Bhí
na múinteoirí thar a bheith bródúil as a gcuid iompair, is an iarracht a
chuireadar isteach i ngach aon rud.
Buíochas le Conchubhair agus le Sinéad a chuaigh ann ina dteannta.
Díospóireacht ag Rang a 6 ar an UN - Na Náisiúin Aontaithe.
Ghlac Rang a 6 páirt i Díospóireacht i gColáiste Dáibhís ar an UN. Is léir go bhfuil cúpla 'Kofi Anann' sa seomra.
Subscribe to:
Posts (Atom)







