Translate

Follow this blog by email. Lean ar an mblag seo tríd an é-phost

Thursday, 9 June 2016

Turas scoile Rang a 3

Chuaigh rang a 3 chuig Liftime lab, an sean phríosún agus babhláil i gCorcaigh don turas scoile. Bhaineadar an taitneamh as an lá.

Buann Cian bonn óir!

An t-eolas is deireannaí

Bhuaigh Cian 2 bhonn órga ag Craobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha sa lúthchleasaíocht ag an deireadh seachtaine ag CIT:
Sleá agus Rásaíocht 100m. Maith thú a Chiain.

Bealtaine 2016 

Comhghairdeas le Chian ó Rang a 5 a bhuaigh bonn óir agus bonn airgid le déanaí i gCraobh na Mumhan de na Cluichí Oilimpeacha i Luimneach ar a chapall Sparky.
Léigh sé an mionn mar chuid den searmanas oscailte.
Féachann sé an snasta ina chulaith marcaíochta, nach n-aontaíonn sibh? Seo linn Cluichí Oilimpeacha an domhain!!!!!!



Friday, 3 June 2016

Turas go dtí Dún ar Aill - Rang a 3

Chuaigh páistí ó rang a 3 go dtí Dún ar Aill le déanaí. Bhaineadar sult is taitneamh as an dturas nádúir agus gan dabht, thaitin an áit súgartha leo.

Lúthchleasaíocht Chorcaí 2016

Chuaigh páistí ó gach rang chuig Lúthchleasaíocht Chorcaí i CIT ar an gCéadaoin seo caite. Is iomaí gradam a bhuadar. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus thángadar abhaile le roinnt gradaim. Mo cheol sibh!!!!!! Clic ar an ngrianghraf chun é a mhéadú.

Turas go dtí Peil na Gaeltachta sa Rinn 2016


Comórtas Caide Ghael Linn

De bharr a gcuid iarrachta i gComórtas Caide na nGaelscoileanna i gContae Chorcaí, tugadh cuireadh d’imreoirí na gaelscoile dul go dtí’n Rinn i gContae Phort Láirge chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na Mumhan. D’fhanadar ansan, i gColáiste na Rinne, thar oíche, is d'imríodar le crógacht is fonn. Bhualadar le páistí ó ghaelscoileanna eile timpeall an chúige, is dheineadar cairde nua. Bhí ana-chraic acu ar an dtrá, is bhain na haon duine acu ard-thaitneamh as an gcúpla lá a chaitheadar sa ghaeltacht. Bhí na múinteoirí thar a bheith bródúil as a gcuid iompair, is an iarracht a chuireadar isteach i ngach aon rud. 

Buíochas le Conchubhair agus le Sinéad a chuaigh ann ina dteannta.











Díospóireacht ag Rang a 6 ar an UN - Na Náisiúin Aontaithe.

Ghlac Rang a 6 páirt i Díospóireacht i gColáiste Dáibhís ar an UN. Is léir go bhfuil cúpla 'Kofi Anann' sa seomra.

Ceardlann Cheoil 2016

Tháinig Shay Lally ón 'Mobile Music School' le déanaí chuig cór agus ceolfhoireann na Gaelscoile chun taispeántas a thabhairt de chnag uirlisí. Bhain na páistí lán taitneamh as an gceardlann. Sheinneadar drumaí, agógó, tambóirín agus sreang dhruma.