Friday, 3 June 2016
Turas go dtí Dún ar Aill - Rang a 3
Chuaigh páistí ó rang a 3 go dtí Dún ar Aill le déanaí. Bhaineadar sult is taitneamh as an dturas nádúir agus gan dabht, thaitin an áit súgartha leo.
Lúthchleasaíocht Chorcaí 2016
Chuaigh páistí ó gach rang chuig Lúthchleasaíocht Chorcaí i CIT ar an gCéadaoin seo caite. Is iomaí gradam a bhuadar. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus thángadar abhaile le roinnt gradaim. Mo cheol sibh!!!!!! Clic ar an ngrianghraf chun é a mhéadú.
Turas go dtí Peil na Gaeltachta sa Rinn 2016
Comórtas Caide Ghael Linn
De bharr a gcuid iarrachta i gComórtas Caide na
nGaelscoileanna i gContae Chorcaí, tugadh cuireadh d’imreoirí na gaelscoile dul
go dtí’n Rinn i gContae Phort Láirge chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na
Mumhan. D’fhanadar ansan, i gColáiste na Rinne, thar oíche, is d'imríodar le
crógacht is fonn. Bhualadar le páistí ó ghaelscoileanna eile timpeall an
chúige, is dheineadar cairde nua. Bhí ana-chraic acu ar an dtrá, is bhain na
haon duine acu ard-thaitneamh as an gcúpla lá a chaitheadar sa ghaeltacht. Bhí
na múinteoirí thar a bheith bródúil as a gcuid iompair, is an iarracht a
chuireadar isteach i ngach aon rud.
Buíochas le Conchubhair agus le Sinéad a chuaigh ann ina dteannta.
Díospóireacht ag Rang a 6 ar an UN - Na Náisiúin Aontaithe.
Ghlac Rang a 6 páirt i Díospóireacht i gColáiste Dáibhís ar an UN. Is léir go bhfuil cúpla 'Kofi Anann' sa seomra.
Ceardlann Cheoil 2016
Tháinig Shay Lally ón 'Mobile Music School' le déanaí chuig cór agus ceolfhoireann na Gaelscoile chun taispeántas a thabhairt de chnag uirlisí. Bhain na páistí lán taitneamh as an gceardlann. Sheinneadar drumaí, agógó, tambóirín agus sreang dhruma.
An Chéad Chomaoineach 2016
Fuair 60 páiste i rang a 2 an Chéad Chomaoineach ar an Satharn, an 21ú de Bhealtaine 2016. Léigh an tAthair Mac an Taoisigh an tAifreann. Is iad Labhrás agus Sinéad na múinteoirí ranga i Rang a 2 i mbliana agus ba léir an t-ullmhúchán a rinneadar leis an 2 rang. Gabhaimid buíochas le cór agus le ceoltóirí na Gaelscoile a chur go mór leis an searmanas.
Monday, 2 May 2016
Tag rugbaí sa ghaelscoil
Faoi láthair, tá Uinsionn ó Rugbaí na Mumhan ag teacht chun na gaelscoile chun ranganna 3 - 6 a thraenáil i scileanna rugbaí. Is breá linn go léir ár seisiúin leis ar an Deardaoin. N'fheadar an mbeidh an chéad Rodge eile in ár measc!!!
Subscribe to:
Posts (Atom)













