Friday, 3 June 2016
Díospóireacht ag Rang a 6 ar an UN - Na Náisiúin Aontaithe.
Ghlac Rang a 6 páirt i Díospóireacht i gColáiste Dáibhís ar an UN. Is léir go bhfuil cúpla 'Kofi Anann' sa seomra.
Ceardlann Cheoil 2016
Tháinig Shay Lally ón 'Mobile Music School' le déanaí chuig cór agus ceolfhoireann na Gaelscoile chun taispeántas a thabhairt de chnag uirlisí. Bhain na páistí lán taitneamh as an gceardlann. Sheinneadar drumaí, agógó, tambóirín agus sreang dhruma.
An Chéad Chomaoineach 2016
Fuair 60 páiste i rang a 2 an Chéad Chomaoineach ar an Satharn, an 21ú de Bhealtaine 2016. Léigh an tAthair Mac an Taoisigh an tAifreann. Is iad Labhrás agus Sinéad na múinteoirí ranga i Rang a 2 i mbliana agus ba léir an t-ullmhúchán a rinneadar leis an 2 rang. Gabhaimid buíochas le cór agus le ceoltóirí na Gaelscoile a chur go mór leis an searmanas.
Monday, 2 May 2016
Tag rugbaí sa ghaelscoil
Faoi láthair, tá Uinsionn ó Rugbaí na Mumhan ag teacht chun na gaelscoile chun ranganna 3 - 6 a thraenáil i scileanna rugbaí. Is breá linn go léir ár seisiúin leis ar an Deardaoin. N'fheadar an mbeidh an chéad Rodge eile in ár measc!!!
Saturday, 23 April 2016
Gairdín na scoile
Fáilte chuig gairdín na gaelscoile faoi stiúir Múinteoir Treasa. Chuir ranganna éagsúla oinniúin, prátaí, gairleog, cabáiste agus leitís maraon le réimse breá de bhláthanna. Thug roinnt páistí isteach sean-bhuataisí baistí agus líonadh iad le hithir agus le bláthanna. Beidh piastlann againn sar i bhfad. Beidh breithimh ag teacht ag deireadh Mí Bealtaine chun measúnú a dhéanamh ar an ngairdín. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna.
Wednesday, 13 April 2016
Cóineartú 2016
Cheiliúraíomar saicrimint na cóineartaithe inné i Séipéal an Aiséirí. Bhí an searmanas faoi riarachán an Easpaig Ó Croidheáin. Bhí cór na Gaelscoile ag canadh ag an searmanas agus chuireadar go mór leis an ócáid. 'Siad seo roinnt grianghrafanna den lá:
Sunday, 27 March 2016
Turas go Birmingham chuig 'Vex IQ Robó'
Chuaigh ochtar ó Rang 5 chuig Birmingham chun páirt a ghlacadh i gComórtas Vex IQ ins an ionad NEC. Bhuaigh rang a 5 an deis chun dul i ndiaidh dóibh an tarna áit a bhuachaint sa chomórtas i CIT i Mí Eanáir. D'éirigh go hiontach leo sna comórtaisí éagsúla agus d'éirigh leo an gradam ' Fuinneamh' a bhuachaint.
Chuamar go dtí an taispeántas ' Big Bang' ar an lá dár gcionn. Is taispeántas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealltóireachta agus Mata é. Dochreidte !!!
Seo libh blas den turas:
Chuamar go dtí an taispeántas ' Big Bang' ar an lá dár gcionn. Is taispeántas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealltóireachta agus Mata é. Dochreidte !!!
Seo libh blas den turas:
Subscribe to:
Posts (Atom)





