Translate

Follow this blog by email. Lean ar an mblag seo tríd an é-phost

Saturday, 23 April 2016

Gairdín na scoile

Fáilte chuig gairdín na gaelscoile faoi stiúir Múinteoir Treasa. Chuir ranganna éagsúla oinniúin, prátaí, gairleog, cabáiste agus leitís maraon le réimse breá de bhláthanna. Thug roinnt páistí isteach sean-bhuataisí baistí agus líonadh iad le hithir agus le bláthanna. Beidh piastlann againn sar i bhfad. Beidh breithimh ag teacht ag deireadh Mí Bealtaine chun measúnú a dhéanamh ar an ngairdín. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna.

Wednesday, 13 April 2016

Cóineartú 2016

Cheiliúraíomar saicrimint na cóineartaithe inné i Séipéal an Aiséirí. Bhí an searmanas faoi riarachán an Easpaig Ó Croidheáin. Bhí cór na Gaelscoile ag canadh ag an searmanas agus chuireadar go mór leis an ócáid. 'Siad seo roinnt grianghrafanna den lá:

Sunday, 27 March 2016

Turas go Birmingham chuig 'Vex IQ Robó'

Chuaigh ochtar ó Rang 5 chuig Birmingham chun páirt a ghlacadh i gComórtas Vex IQ ins an ionad NEC. Bhuaigh rang a 5 an deis chun dul i ndiaidh dóibh an tarna áit a bhuachaint sa chomórtas i CIT i Mí Eanáir. D'éirigh go hiontach leo sna comórtaisí éagsúla agus d'éirigh leo an gradam ' Fuinneamh' a bhuachaint.

Chuamar go dtí an taispeántas ' Big Bang' ar an lá dár gcionn. Is taispeántas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealltóireachta agus Mata é. Dochreidte !!!

Seo libh blas den turas:

video


Árdú na brataí ar an 15ú de Mhárta, 2016

Ardaíodh an bhratach inniu tar éis searmanas an speisialta sa halla. Bronnadh an onóir ar Finian ó rang 1 toisc go dtiteann a bhreithlá ar an lá céanna agus a thosnaigh an Éirí Amach, sin 23ú d'Aibreán.

Ar dtús, léigh páistí ó ranganna éagsúla altanna ar stair na brataí agus ar 1916. Mhínigh Máire Ní Bhriain - Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Niamh Ní Chormaic - Cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí agus Síle Ní Ríordáin - Leas-Príomh Oide na scoile cad a chiall an bhratach dóibh.

Bhaineamar an sult is taitneamh as dráma rang a 4  - ghléasadar suas mar charachtéirí cáiliúla ó 1916 agus mhínigh siad a rannphártaíocht san Éirí Amach. Bhí Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Íosaf  Pluincéad, Seán Mac Diarmada, Eámonn Ceannt, Tomás Mac Donagh, Tomás Ó Cléirigh in ár dteannta don ócáid.

Sheinn rang 3 - 6 'The Foggy Dew', 'Ó Ró 'Sé do Bheatha 'Bhaile' agus Amhrán na bhFiann agus canadh ár nAmhrán Náisiúnta arís i ndiaidh don bhratach a bheith árdaithe.

Chríochnaigh an ceiliúradh le cupán tae sa halla dos na daoine fásta agus le huachtar reoite dos na páistí.

Féachaigí ar ár ngrianghrafanna agus ar ár bhfíseáin den lá.

Monday, 7 March 2016

Iomáint fé dhíon

Do ghlac buachaillí ó rang a trí is rang a ceathair páirt i gcomórtas iomána fé dhíon i nDún ar Aill le linn Feabhra is Márta. Thraenáileadar go díograiseach gach seachtain ón Nollaig, is chuireadar taispeántas maith iomána ar siúl le linn na gcomórtaisí. Bhí foireann na scoile brodúil as a gcuid iarrachta cróga ar an gcúirt, is as an iompar is comhoibriú a bhí thar barr ar fad. I measc na hiománaithe bhí Jeaic, Adam, Jeaic, Dónal, Sam, Dylan, Pádraig, Liam, Daithí, Seaghan, Peaidí, Eoghan, Pádraig, Risteard agus Cathal ó rang a trí. D’imir Eoghan, Liam, Bilí, Deaglán, Liam, Conchúr, Micheál, Jamie, Donncha, Pádraig agus Darragh ar son ranga a ceathair. Molaimid go hard na luthchleasaithe óga san.







Sunday, 6 March 2016

Lá Domhanda na Leabhar 2016

Bhí Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh againn ar scoil ar an Déardaoin. Ghléas páistí suas mar charachtar ó leabhar. Ina theannta sin, bhí an tAonach Leabhar díreach curtha dínn, áit a ceannaíodh na céadta leabhair do pháistí. Míle buíochas do Mháire Pearóid agus Siobhán, Máire, Martína agus Linda a d'eagraigh an tAonach. Féachaigí ar ár bhfeisteas agus tomhais cén carachtar atá roghnaithe againn, más féidir leat !

Monday, 29 February 2016

Craobh na hÉireann san eitpheil - Seo Linn.

Bhuaigh foireann eitpheile na Gaelscoile craobh na Mumhan ar an Déardaoin seo chaite. Thaistealaíodar chuig Cill Áirne agus d'imríodar 5 chluiche chun an craobh chluiche a shroichint - ceann a bhuadar le scil agus le comhoibriú
Beidh an fhoireann ag taisteal chuig Luimneach ar an 15/3/'16 chun imirt i gCraobh na hÉireann.
Buíochas mór le Conchubhair a eagraíonn na fóirne agus a thraenálann iad gach seachtain.
Is iad Jeaic, Ian agus Aoife ó rang a 6 maraon le Josh, Cáit agus Emma atá mar bhaill den fhoireann seo.
Guímid gach rath ar a gcéad thuras eile. Gaelscoil abú!