Chuaigh ochtar ó Rang 5 chuig Birmingham chun páirt a ghlacadh i gComórtas Vex IQ ins an ionad NEC. Bhuaigh rang a 5 an deis chun dul i ndiaidh dóibh an tarna áit a bhuachaint sa chomórtas i CIT i Mí Eanáir. D'éirigh go hiontach leo sna comórtaisí éagsúla agus d'éirigh leo an gradam ' Fuinneamh' a bhuachaint.
Chuamar go dtí an taispeántas ' Big Bang' ar an lá dár gcionn. Is taispeántas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealltóireachta agus Mata é. Dochreidte !!!
Ardaíodh an bhratach inniu tar éis searmanas an speisialta sa halla. Bronnadh an onóir ar Finian ó rang 1 toisc go dtiteann a bhreithlá ar an lá céanna agus a thosnaigh an Éirí Amach, sin 23ú d'Aibreán.
Ar dtús, léigh páistí ó ranganna éagsúla altanna ar stair na brataí agus ar 1916. Mhínigh Máire Ní Bhriain - Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Niamh Ní Chormaic - Cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí agus Síle Ní Ríordáin - Leas-Príomh Oide na scoile cad a chiall an bhratach dóibh.
Bhaineamar an sult is taitneamh as dráma rang a 4 - ghléasadar suas mar charachtéirí cáiliúla ó 1916 agus mhínigh siad a rannphártaíocht san Éirí Amach. Bhí Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Íosaf Pluincéad, Seán Mac Diarmada, Eámonn Ceannt, Tomás Mac Donagh, Tomás Ó Cléirigh in ár dteannta don ócáid.
Sheinn rang 3 - 6 'The Foggy Dew', 'Ó Ró 'Sé do Bheatha 'Bhaile' agus Amhrán na bhFiann agus canadh ár nAmhrán Náisiúnta arís i ndiaidh don bhratach a bheith árdaithe.
Chríochnaigh an ceiliúradh le cupán tae sa halla dos na daoine fásta agus le huachtar reoite dos na páistí.
Féachaigí ar ár ngrianghrafanna agus ar ár bhfíseáin den lá.
Do ghlac buachaillí ó rang a trí is rang a ceathair páirt i gcomórtas iomána fé dhíon i nDún ar Aill le linn Feabhra is Márta. Thraenáileadar go díograiseach gach seachtain ón Nollaig, is chuireadar taispeántas maith iomána ar siúl le linn na gcomórtaisí. Bhí foireann na scoile brodúil as a gcuid iarrachta cróga ar an gcúirt, is as an iompar is comhoibriú a bhí thar barr ar fad. I measc na hiománaithe bhí Jeaic, Adam, Jeaic, Dónal, Sam, Dylan, Pádraig, Liam, Daithí, Seaghan, Peaidí, Eoghan, Pádraig, Risteard agus Cathal ó rang a trí. D’imir Eoghan, Liam, Bilí, Deaglán, Liam, Conchúr, Micheál, Jamie, Donncha, Pádraig agus Darragh ar son ranga a ceathair. Molaimid go hard na luthchleasaithe óga san.
Bhí Lá Domhanda na Leabhar á cheiliúradh againn ar scoil ar an Déardaoin. Ghléas páistí suas mar charachtar ó leabhar. Ina theannta sin, bhí an tAonach Leabhar díreach curtha dínn, áit a ceannaíodh na céadta leabhair do pháistí. Míle buíochas do Mháire Pearóid agus Siobhán, Máire, Martína agus Linda a d'eagraigh an tAonach. Féachaigí ar ár bhfeisteas agus tomhais cén carachtar atá roghnaithe againn, más féidir leat !
Bhuaigh foireann eitpheile na Gaelscoile craobh na Mumhan ar an Déardaoin seo chaite. Thaistealaíodar chuig Cill Áirne agus d'imríodar 5 chluiche chun an craobh chluiche a shroichint - ceann a bhuadar le scil agus le comhoibriú
Beidh an fhoireann ag taisteal chuig Luimneach ar an 15/3/'16 chun imirt i gCraobh na hÉireann.
Buíochas mór le Conchubhair a eagraíonn na fóirne agus a thraenálann iad gach seachtain.
Is iad Jeaic, Ian agus Aoife ó rang a 6 maraon le Josh, Cáit agus Emma atá mar bhaill den fhoireann seo.
Guímid gach rath ar a gcéad thuras eile. Gaelscoil abú!
Tháinig My Canine Companion chugainn ar an gCéadaoin seo chaite chun madraí a thaispeáint dúinn agus chun caint linn fúthú agus faoin gcarthanacht. Mar ábhar tachaíochta, caitheadh gorm ar an lá agus bailítear airgead chun cabhrú le 'Einstein' a thraenáil. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna. Cinnte, bhain gach éinne an thaitneamh as a gcuairt.
Bhí
áthas orainn anseo i nGaelscoil Thomáis Daibhís fáilte a chur roimh bhaill
d'Óglaigh na hÉireann ar an 5ú de Feabhra. Bhronn Ceannfort Peadar ó Catháin an bhratach náisiúnta
orainn agus ghlac Sophie ó Rang 6, agus
Clodagh, Naíonáin Bheaga, leis ar son na scoile. Bronntar an bhratach orainn mar
chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916 chomh maith le ceiliúradh an chéid
ó bhForógra Poblacht. Le linn an searmanais, múineadh do na páistí conas aire a thabhairt don Bhratach Náisiúnta agus an chaoi a chaitear í.
Tháinig uncail le muintir de Brún agus Uí Caomhánaigh ar chuairt maraon le Daid le muintir Uí Dhullaí. Thainig iar-scoláire Seán Mac an Fhallaigh lena athair Pádraig a bhunaigh an scoil nach mór 31 bhliain ó shin. Léigh daltaí ó rang a 6 - Aoife, Ciara agus Niall altanna as tionscnaimh a rinneadar ar 1916. Léirigh siad é seo ar Power point. Léigh Nadia altanna as an bhForógra de 1916. Lean seisiún beomhar ceisteanna agus freagraí é seo. D'fhreagair Ceannfort Ó Catháin ceisteanna na bpáistí faoi Óglaigh na hÉireann, 1916, an Bhratach Náisiúnta agus ar an saol san airm faoi láthair. Sheinn daltaí ó rang 3 - 6 Amhrán na bhFiann agus The Foggy Dew agus chan Rang 1 agus 2 Ó Ró S'e do Bheatha Bhaile. Ardóidh Gaelscoil Thomáis Daibhís an Bhratach Náisiúnta le linn searmanais speisialta eile ar an 15ú de Mhárta 2016 - Lá an Fhorógra. Beidh a bhforógra féin scríofa ag na páistí don lá sin ag déanamh machnaimh ar luachanna, smaointí agus ardmhianta páidtí sa lá atá inniu ann. B'ócáid iontach í agus beidh cuimhne go deo againn go léir ar chuairt an airm ar an scoil.